Mise Mar Fhoghlaimeoir 5

By Dr Suzanne Parkinson

Tá dhá chuid sa Leabhar Taifead Dalta:


Cuid 1

 

Mise Mé Féin!

Mo Láidreachtaí

Fáilte chuig an Domhan ina Mhairim!

Eolas faoin scoil

 

Tá gníomhaíochtaí faoi threoir agus gníomhaíochtaí neamhiata i Rannóg 1,  Mise Mar Fhoghlaimeoir 3, agus tugann siad cuireadh d’fhoghlaimeoirí feasacht a chothú ar a láidreachtaí, ar n-ábhair spéise, ar na rudaí a thaitníonn nó nach dtaitníonn leo, ar a nguíonna agus a n-aislingí.  Tugann ‘Mise Mé Féin!’, ‘Mo Láidreachtaí’ & ‘Fáilte chuig an Domhan ina Mhairim!’ cuireadh d’fhoghlaimeoirí a ndearcadh ar an saol a roinnt le daoine eile. Tá na gníomhaíochtaí ceaptha chun léargas a thabhairt ar shaol inmheánach an dalta, tuiscint a thabhairt ar a láidreachtaí agus ar a fhéiniúlacht éiritheach mar Fhoghlaimeoir. Spreagann bileoga gníomhaíochta treocha na daltaí chun machnamh a dhéanamh ar an domhan mórthimpeall orthu, conas mar is maith leo foghlaim, a ndearcadh orthu féin mar fhoghlaimeoirí agus a ndearcadh ar an scoil.

 

Cuid 2

 

Mo Shlite Foghlama

Deiseanna Freagartha

Leideanna Cúnta

Cártaí Machnaimh

Seicliostaí Piarmheasúnaithe

 

I gCuid 2, díríonn  ‘Mo Shlite Foghlama’  ar mheonta foghlaimeora agus ar an gcur chuige tábhachtach foghlama atá bainteach le nósanna foghlama éifeachtacha.   Moltar don dalta na meonta seo a aithint mar iompraíocht agus mar fhreagairtí seasta agus mealltar iad chun féinmhachnamh a dhéanamh agus chun úinéireacht a ghlacadh ar straitéisí chun feabhas a chur ar a gcuid éifeachtúlachta san fhoghlaim. Cuirtear na meonta foghlama seo a leanas i láthair ag leibhéal ginearálta i MMF3: Aire, Cuimhne, Iompar Foghlama, Meiteachognaíocht agus Eagrú.  Déantar Iompar Aire agus Foghlama a chíoradh go mion i MMF 4, fiosraítear Cuimhne agus Meonta Aigne go mion i MMF 5 agus fiosraítear Meiteachognaíocht agus Eagrú i MMF 6 chun páistí a ullmhú don mheánscoil.

Price:€14.95 
Subject:SESE/SPHE 
Class: 5th Class 
Format: Textbook
Further Information
Class:5th Class 
ISBN:9781845368739
Publisher:The Educational Company of Ireland (Edco)
Product Search
Browse Our Products
Need Help?

Visit our FAQ section for help on a range of topics.  Alternatively contact us for further information.

Students' & Parents'

Get in touch

Phone : Contact Us
Fax : +353 1 4607 330

Job Vacancies

Book Sellers

Resource Centre

Edco celebrating 100 years in Education
© 2024 The Educational Company of Ireland
  • Ballymount Road Walkinstown Dublin 12 Ireland
  • Phone: +353 1 4500611
  • Fax: +353 1 4500993
  • Email: info@edco.ie