Clúdaíonn Sláinte agus Folláine: OSPS 2 na ceithre shnáithe agus torthaí foghlama de ghné Folláine OSPS agus gearrchúrsa OSPS nua na Sraithe Sóisearaí
- Clúdaíonn Sláinte agus Folláine: OSPS 2 na ceithre shnáithe agus torthaí foghlama de ghné Folláine OSPS agus gearrchúrsa OSPS nua na Sraithe Sóisearaí
- Tugann gach snáithe aghaidh ar gach ceann de na hOcht bPríomhscil den tSraith Shóisearach nua
- Tá cur síos cuimsitheach ar gach gné den chlár OSPS seanbhunaithe
- Úsáidtear teanga ann atá éasca le tuiscint agus atá aoisoiriúnach
- Cloítear leis an dea-chleachtas chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais sláinte agus folláine daoine óga
- Istigh ann tá aonad nua atá aoisoiriúnach faoi shláinte mheabhrach, aireachas, bainistiú struis agus teicnící le scíth a ligean
- Tá cur síos mion ar chibearbhulaíocht agus tá leideanna agus moltaí ann chun í a láimhseáil
- Tá an dearadh éasca le léamh, geal agus tarraingteach agus tá léaráidí lándaite agus grianghraif mhealltacha ann
- Toisc nach téacsleabhar bunaithe ar cheachtanna é, níl dearcadh taobh thiar de go ‘ndéanann an toise céanna gach duine’ - tugtar an tsolúbthacht do ghrúpaí ranga dul chun cinn a dhéanamh i ngach plean ceachta ar a luas féin
- Istigh ann, tá réimse leathan gníomhaíochtaí agus teicnící measúnaithe ina n-aithnítear na stíleanna foghlama difriúla agus riachtanais éagsúla na scoláirí
- Tá Torthaí Foghlama ann do gach aonad, agus tá tráth na gceist agus gníomhaíochtaí ann chun a fháil amach faoi leibhéal eolais na scoláirí
- Tá liosta d’Eochairfhocail ag tús gach aonaid agus tugtar míniú orthu síos tríd an téacs
- Mar gheall ar na ‘Taifid Foghlama’ tá na scoláirí in ann machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama agus taifead a choinneáil den f hoghlaim, a éascaíonn na measúnuithe rangbhunaithe agus dialanna scoláirí a chur i gcrích