Ceadúnas trí bliana don leagan nua Gaeilge é an leabhar seo de Exploring Science don tSraith Shóisearach nua
- Tá nasc idir an leabhar agus na Ráitis Foghlama a leagtar amach sa Chreat don tSraith Shóisearach
- Clúdaítear go cuimsitheach gach Toradh Foghlama agus Príomhscil
- Leagtar béim ar eolas an dalta ar an eolaíocht a fhorbairt agus cur leis an taitneamh a bhainfeadh daltaí as an eolaíocht, agus déantar tagairt don snáithe Éirim na hEolaíochta i gcónaí
- Cuirtear Torthaí Foghlama in oiriúint do dhaltaí
- Tá an leabhar roinnte de réir shnáitheanna na sonraíochta: An Saol Bitheolaíoch, an Saol Ceimiceach, an Saol Fisiceach agus An Domhan agus an Spás
- Forbraítear an litearthacht agus uimhearthacht ach béim a leagan ar fhocail thábhachtacha agus ar fhiosrú sonraí
- Cuirtear ábhar agus tuairimí eolaíochta i láthair na ndaltaí d’fhonn litearthacht san eolaíocht a fhorbairt
- Tá meascán de ghníomhaíochtaí aonair agus grúpa sa leabhar d’fhonn an fhoghlaim ghníomhach a chothú
- Leagtar amach gníomhaíochtaí a chothaíonn fiosrú taighdebhunaithe
- Tá Portfóilió do Dhaltaí ag gabháil leis an leabhar seo
- Tá Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí ar fáil ina bhfuil réitigh agus treoirlínte i dtaca le múineadh na hEolaíochta sa tSraith Shóisearach